MA sa Ghaeilge Fheidhmeach
![]() |
![]() |
![]() |
Scoil na dTeangacha, Institiúid Teicneolaíochta
Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta
Tá fáilte romhat chuig suíomh gréasáin an chúrsa MA sa Ghaeilge Fheidhmeach. Cuireadh tús leis an gcúrsa nua páirtaimseartha dhá bhliain seo ar 29 Eanáir 2008.
Tosóidh an chéad chúrsa eile ag tús mhí Feabhra 2011. Tá an MA seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Dámh na nEalaíon Feidhmeach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com). Is é an spriocdháta d’iarratais do chúrsa 2011 ná 22 Meán Fómhair 2010 (Foirm iarratais ar fáil ag Eolas d’Iarrthóirí).
Tá deiseanna fostaíochta nua ann le roinnt blianta anuas do chéimithe a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge, go háirithe ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm agus ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Aontas Eorpach. Tá an MA seo sa Ghaeilge Fheidhmeach dírithe go príomha ar na fostaithe de chuid na hearnála poiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge as seo amach agus ar chéimithe ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil in Éirinn agus san Eoraip sna blianta atá romhainn.
Beidh an cúrsa MA oiriúnach chomh maith dóibh siúd ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí, teangairí, dlí-theangeolaithe, léitheoirí profaí agus rúnaithe, agus beidh spéis ag múinteoirí scoile, ag daoine atá ag obair sna meáin, i gcúrsaí gnó, sa turasóireacht chultúrtha agus i réimsí gaolmhara eile ann freisin.



